Friday 13 November 2009

Díomá faoi seasamh McCausland ar Acht na Gaeilge


Ag tagairt ar freagra a fuair sí ón Aire Chultúir, Nelson McCausland, ar cheist Acht Teanga don tuaisceart, dúirt an Feisire Eorpach Bairbre de Brún inniu go raibh díomá uirthi leis an dearcadh caol intinne atá á thaispeáint ag an aire DUP.

Dúirt Bean de Brún:
“Tá sé íorónta go bhfuair mé an litir seo inniu nuair atá an tAire McCausland féin thall i nGeirsí in éineacht leis an Aire Oideachais Caitríona Ruane agus an príomh cheist ar chlár an Chruinniú BIC ná ceist na mion teangacha agus teangacha dúchais chomh maith le liosta moltaí chun iad a chosaint agus a fhorbairt.

Tá sé íorónta fosta go bhfuil ceist teangacha na rialtais eile atá ionadaithe ar an BIC, go bhfuil siad aitheanta agus glactha mar chuid lárnach den oidhreacht agus de stair na n-áiteanna eile seo gan imreas ná conspóid.

Ba chóir go mbeadh deis ag duine ar bith gur mian leo bheith ábalta an saol a chaitheamh trí mheán na Gaeilge, i scolaíocht, obair, siopadóireacht, folaíocht agus gnó leis an stát san áireamh.

Ba chóir go mbeadh sé de cheart ag gaeilgeoirí an Ghaeilge a úsáid sna cúirteanna fosta. Ba chóir do Rialtas na Breataine deireadh a chur le hAcht 1737 láithreach. Tá sé scannalach go bhfuil dlíthe den chinéal seo, i dtaca leis an Ghaeilge sna cúirteanna, go fóill i réim.”

No comments: