Friday 18 June 2010

Glacann de Brún páirt i ndíospóireacht IFI san Eoraip

Ag labhairt i ndiaidh an vóta ar maoiniú CIÉ i bParlaimint na hEorpa inniu dúirt an Feisire Bairbre de Brún;

“Thar na blianta, bhí ról an-tacúil ag an Chiste Idirnáisiúnta d’Éirinn in aimsiú buansíochána in Éirinn, Thuaidh agus theas.

Rinne an Ciste Idirnáisiúnta d'Éirinn obair thábhachtach sna réimsí is mó a ndeachaigh an choimhlint i bhfeidhm orthu maidir le tógáil acmhainneachta, athmhuintearas, forbairt gheilleagrach agus athfhorás i gceantair dhíothachta.

De bhrí go mbíonn baol i gceist le tógáil síochána agus athmhuintearais ach is gá é chun fadhbanna polaitiúla, eacnamaíoch agus shóisialta a shárú.

Le linn na coimhlinte, chomhlíon rannóga pobail agus deonacha ról riachtanach chun dlúth an phobail a choinneáil le chéile agus chun aghaidh a thabhairt ar mheathlú sóisialta agus ar dhíothacht. Ba mhinic an CIÉ ábalta airgead a chur ar fáil mar bhunmhaointheoir [sa chéad áit chun airgead a chur ar an tábla] ag cur ar chumas na ngrúpaí dul chuig maoinitheoirí eile le haghaidh tograí tógála síochána, agus chun maoiniú PEACE nó Interreg a fháil.

D’fhág an choimhlint in Éirinn oidhreacht fhadtéarmach a bhfuil tionchar go fóill aici ar shochaí na hÉireann agus is dócha go mbeidh seo amhlaidh sna blianta fada romhainn. I dtuaisceart na hÉireann chruthaigh an choimhlint pobail scartha, a d’fhág scoilteanna doimhne sóisialta, eacnamaíocha agus polaitiúla.

Mar gheall ar an phróiseas síochána, a raibh sé de phribhléid agam páirt a imirt ann, rinneadh dul chun cinn iontach ach tá bóthar fada romhainn go fóill.
Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an Aontas Eorpach as a thacaíocht leanúnach do phróiseas síochána na hÉireann.

Is próiseas é tógáil síochána atá fadtéarmach agus éabhlóideach, próiseas ina bhfuil rannpháirtíocht ag leibhéal áitiúil agus i measc daoine leochaileacha ríthábhachtacha.

Tá sé ríthábhachtach go dtacófar go hairgeadúil leis na cláir thógála síochána a léirigh a bhfeidhmiúlacht, ach go háirithe iad siúd bainteach le grúpaí pobail agus deonacha, nuair a thiocfaidh maoiniú reatha PEACE agus CIÉ chun deiridh.”

No comments: